Foilsithe ar 

Anailís eacnamaíoch nua le déanamh ar earnáil teilifíse, scannán agus beochana na hÉireann – an tAire Humphreys  

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Céadaoin) go bhfuil anailís eacnamaíoch coimisiúnaithe aici ar ár dtionscail chruthaitheacha scáileánbhunaithe. Féachfar sa staidéar ar thionchar agus acmhainneacht eacnamaíoch earnáil scannánaíochta, teilifíse agus beochana na hÉireann. Tá gealltanas tugtha sa Phlean Gníomhaíochta do Phoist 2016 an staidéar a choimisiúnú.

Mar thoradh ar phróiseas tairisceana oscailte, roghnaíodh Olsberg SPI Ltd i gcomhar le Nordicity leis an staidéar a dhéanamh. Beidh grúpa stiúrtha faoi cheannas Roinn an Aire Humphreys, le hionadaithe don Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comshaoil, don Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, do Bhord Scannán na hÉireann agus d’Údarás Craolacháin na hÉireann i dteagmháil rialta leis an bhforthairgeoir a n-éireoidh leis.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:

"Is tionscal é earnáil chlosamhairc na hÉireann atá ag fás agus ag a bhfuil acmhainneacht ollmhór. Ba bhliain den scoth í 2016 don tionscal scannán, bliain inár bhain léiriúcháin éagsúla de chuid na hÉireann moladh mór idirnáisiúnta amach. Tá ár n-earnáil beochana ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas agus leis an méadú atá tagtha ar an éileamh ar léiriúcháin ardchaighdeáin teilifíse tá deiseanna nua á gcur ar fáil freisin.

"Cé go bhfuil a fhios againn go dtacaíonn an earnáil chlosamhairc leis na mílte post, creidim go bhfuil féidearthacht shuntasach ann an earnáil a leathnú tuilleadh sna blianta atá amach romhainn. Tá sé roinnt blianta ó rinneadh staidéar cuimsitheach ar an earnáil freisin. Mar chuid den anailís eacnamaíoch seo, féachfar ar scála agus cion eacnamaíoch na dtionscal cruthaitheacha scáileánbhunaithe agus déanfar scrúdú ar an acmhainneacht atá ann iad a leathnú tuilleadh.

“Ní thógfaidh an anailís eacnamaíoch níos mó ná sé mhí lena cur i gcrích agus ansin cabhróidh sé le straitéisí an Rialtais a bhunú agus muid ag féachaint le cur le hiomrá na hÉireann mar ghorlann don chruthaitheacht.”